Usuario:Pingüi06

De Wikipedia, la enciclopedia libre

Seo dhíbh a chairde duan Óglaigh,

Caithréimeach, bríoghmhar, ceolmhar.

Ár dtinte cnámh go buacach táid,

’S an spéir go mínréaltógach.

Is fionmhar faobhrach sinn chun gleo,

’S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló,

Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol,

Seo libh, canaídh amhrán na bhFiann.


Sinne Fianna Fáil,

Atá faoi gheall ag Éirinn,

Buíon dár slua,

Thar toinn do ráinig chugainn,

Faoi mhóid bheith saor,

Seantír ár sinsear feasta,

Ní fhágfar faoin tiorán ná faoin tráill;

Anocht a théam sa bhearna bhaoil,

Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil,

Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar.

Seo Libh canaidh amhrán na bhFiann.

Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe,

Ba bhuadhach ár sinsir romhainn,

Ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin,

’Tá thuas sa ghaoith go seolta,

Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh,

Gan iompáil siar ó imirt áir,

’S ag siúl mar iad i gcoinne námhad,

Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.


A bhuíon nach fann d’fhuil Ghaeil is Gall,

Sin breacadh lae na saoirse,

Tá scéimhle ’s scanradh i gcroíthe námhad

Roimh ranna laochra ár dtíre,

Ár dtinte is tréith gan spréach anois,

Sin luisne ghlé sa spéir anoir,

’S an bíobha i raon na bpiléar agaibh,

Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.